An Brat Gníomhach
Tá an scoil cláraithe mar bhall den mBrat Gníomhach do scoileanna. Is brat é a thugann aitheantas don aclaíocht agus spórt i scoileanna. Beidh muid ag déanamh iarracht ar gcéad brat gníomhach a bhaint amach i mbliana. Tá coiste curtha le chéile chun an obair seo a dhéanamh agus chun comhordnú a dhéanamh ar na gníomhachtaí go léir a bhíonn ar siúl ag an scoil.
Tá Múinteoir Amy chomh maith le hiondaithe ó Rang 2,3, 4,5 agus 6 ar an gcoiste. Feachtas scoile iomlán atá i gceist agus beidh na páistí go léir gníomhach ann. Is deis iontach é seo aitheantas a thabhairt don spórt sa scoil.
Má tá aon moltaí/ teagmhálaithe ag tuismitheoirí a bheidh cabhrach ba bhreá linn dá rachaidh sibh i dteagmháil le Múinteoir Amy. Má tá aon griangrafanna de imeachtaí spórt ag tuimitheoirí is féidir iad a sheoladh go dtí muinteoiramy@gaelscoillorgan.com.
