Access Keys:

 
 
Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, Co.Mhuineachain

Lá Scoile

Bíonn múinteoir i mbun na páistí sa chlós gach maidin ó 8.40am ar aghaidh.   Tosnaíonn an lá scoile ar 8.50am. Bíonn sos gearr ag na páistí ar 10.30am. Bíonn lón mór ann ó 12.15 go 12.45.

Ar na laethanta fliucha téann na páistí díreach chuig an seomra ranga ar maidin agus fanann siad sna seomraí nó an halla ag am lóin. Téann na naíonáin abhaile ar 1.30pm, ach amháin don chéad chúpla lá den scoil bhliain nuair a imíonn na Naíonáin Bheaga ag meán lae. Imíonn na ranganna eile ar 2.30pm.

Laethanta a mbeidh an scoil ag dúnadh níos luaithe, nó laethanta a mbeidh an scoil dúnta ar fad, cuirfear scéal abhaile roimh ré. Iarrtar ar thuismitheoirí súil a choiméad ar Aladdin.

***Tá Club Bricfeasta sa scoil a thosnaíonn ag a 8 a chlog.Tá Múinteoir Amy i mbun sin agus caithfear é a bhucáil roimhré.

Children are supervised each morning from 8.40am. School management is not responsible for the safety of children who are at the school before this. Children go to the classrooms at 8.50am. We have a short break or sos at 10.30am.  Lunchtime is from 12.15 to 12.45.

On wet days, the pupils go directly to their classroom and they have their lunch-break in the classrooms/hall. Infant classes go home at 1.30pm except during the first few days of the school year when the Junior Infants go home at noon. All other classes finish at 2.30pm.

Parents are asked to check the Aladdin App regularly and keep an eye on the school calendar.

We have a breakfast club in the school from 8-8.40 which is run by Múinteoir Amy and must be pre-booked if attending.